D’fhéach mé uaim ó thuaidh,
Ní fhaca mé ach brat cheoidh,
A bhí ag pógadh imill na bpáirc,
Clocha is tortóga a’brú amach,
Is carraigeacha mar ornáideacha dubha
A’bagairt a gcinn thar íor na spéire.
Ar aghaidh liom, ag síor faire,
Dóchas go bhfeicfinn bárr an t-sléibhe.
Ar ball beag, an ghrian ag eirí,
Is a gaetha géara om’dhallú,
Mar chlaidheamh le bior nimhneach,
A’milleadh radharc mo shúl.
Brothall ag teacht i líntí
Ó cheart lár na gréine
Ag sciobadh gach braon d’uisce
As mo scórnach is mo theanga,
A bhí anois mar chlár tirim lag.

Bárr an t-sléibhe le feiscint anois.
Lúcháir iontach scléipeach ionam,
Friothbhualadh mo chroí
Mar chapall ráis i Cheltenham,
Mo shúile a’magadh fúmsa.
Cosúlacht go raibh bárr an t-sléibhe
Ag suathadh, ag luascadh is ag guagadh.

Lean mé ag dreapadóireacht,
D’fhéach mé síos agus chonaic mé
Mó ghleann áluinn ó dheas uaim,
Gleann aoibhinn na Ruachta
Ag glioscarnaigh is ag soilsiú
Faoi ghrian nua na maidne.

Mo lámha a’crith,is allus
A’titim in a bhraonacha móra,
M’éadai ceangailte do mo chroiceann.
Tuirse i mo ghéaga
Is ocras i mo ghoile.
Mé leath slí thuas an t-sléibhe
Nuair a thug mé mo dhrom le’n a bárr.
An bárr sin,a shamhlaigh mé
A bhí ag bagairt orm leanúint,
Ach mar bheach ghabhair leath marbh,
Thosaigh mé ar mo slí abhaile,
Go mall ríghin, leadránach,
Is uaigneas an t-sléibhe ar mo chúl.

Máiréad Tuohy Duffy ©1999