Ag siúl na trá dom, maidin bhreá bhrothalach
Chonaic mé currach ag seóladh im’threó
Fear in a aonar ag rámhaíocht go triopalach,
Amach ó’n a oileán go sonasach sóch.

Amach as a bhád, is thosaigh á thirimiú,
Ba láidir an fear e, oileánach árd caol,
Is geansaí á’chaitheamh aige d’olann bhán chaorach,
A chniotáil a mháthair dó,an bhliain sara h-éag.

É in a aonar in a chónaí ‘san oileán, le fada anois,
Foghléireacht, is iascach, b’uasal a chéird,
Eolas ar nead,’chuile éan ins an oileán aige,
An ghrian is an gála, a cháirde araon.

Is iomaí breac geal agus scadán a mharaigh sé
Maraon le gé is lacha óg fhiain,
Blas an t-sáile ,go mealltach ar a bheóla
Is an cladach feamainne mar shuíochán do rí.

Bhí roinnt maith faoilleáin go glórach in a sheasamh
Ar shlait an bháid,an cuarán á’bhánú
Gé fiain misniúil ag slógadh scadáin
A bhí ag bogadh go lúfar, ag iarraidh éalú.

Smaoinigh an t-Oileánach ar na blianta a bhí imithe
An comhluadar geanúil, filíocht is ceól,
Glór na feadóige is céimeanna rinnce,
Guth na bpáistí, ag súgradh fadó.

Ó dhúnadh na dóirse, b’uafásach an t-uaigneas,
Tochas, mí-shuaimhneas in a aigne is in a mheón,
Caithfidh sé dul anois go dtí an tír mór taobh leis,
Nó treasna an aigéin go dtí an domhan thiar.

Ach caithfidh sé slán le fuaim meidhreach na dtonn,
Na h-éin ar an gcladach, an ghiorraí lúfar ar ghrod,
A dhrom leis an oileán, a aghaidh ar mhór thíre
Deór in a shúil,is pian ghéar in a cheann…

Máiréad Tuohy Duffy ©1999